Is mian le Coláiste Ghlór na Mara cúntóir riachtanais speisialta a earcú don scoilbhliain 2020/21 ag tosú ar an 15ú Márta, 2021.
Gaelcholáiste nua Lán-Ghaeilge Ilchreidmheach í Coláiste Ghlór na Mara. Tá foirgneamh ollmhór nua againn le hacmhainní den scoth ar fáil le haghaidh gach ábhar. Ta an scoil lonnaithe i suíomh álainn gar don bhfarraige i dtuaisceart Bhaile Brigín. Tá an scoil ag dul i méid go tapaidh.