Is mian le Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín folúntas a líonadh sa Stair agus sa Ghaeilge. Conradh suas chuig 22 uair an chloig sa tseachtain ar théarma seasta a bheidh i gceist faoi réir an phoist a bheith faomhaithe ag an An Roinn Oideachais agus Scileanna. Ní mór d’iarrthóirí cumas an-ard Ghaeilge a bheith acu. Is fostóir comhionannais deiseanna í Coláiste Ghlór na Mara.
Gaelcholáiste Ilchreidmheach í Coláiste Ghlór na Mara. Tá foirgneamh ollmhór nua againn le hacmhainní den scoth ar fáil le haghaidh gach ábhar. Ta an scoil lonnaithe i suíomh álainn gar don bhfarraige i dtuaisceart Bhaile Brigín. Tá an scoil ag dul i méid go tapaidh. Beidh 480 dalta sa scoil i Meán Fómhair, 2023. Deis iontach a bheadh ann d’aon mhúinteoir go bhfuil suim acu i bhforbairt scileanna ceannaireachta agus i ndul chun cinn gairme. Beidh suas chuig 22 uair a chloig ar fáil ag braith ar an meascán d’ábhair.
Gaelcholáiste nua Lán-Ghaeilge Ilchreidmheach í Coláiste Ghlór na Mara. Tá foirgneamh ollmhór nua againn le hacmhainní den scoth ar fáil le haghaidh gach ábhar. Ta an scoil lonnaithe i suíomh álainn gar don bhfarraige i dtuaisceart Bhaile Brigín. Tá an scoil ag dul i méid go tapaidh.